SnaG_2015_web-34

Seachtain na Gaeilge in Áth Cliath Theas 2016
Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas agus Seirbhísí Leabharlainne Átha Cliath Theas an-sásta, agus iad i gcomhar le hÁras Chrónáin, Seachtain na Gaeilge in Áth Cliath Theas (SnaGÁCT) a chur in bhur láthair i mbliana. Is féile ar leith í seo a dhíríonn aird agus a dhéanann ceiliúradh ar ár gcultúr trí cheol, damhsa, ealaíona, agus ar ndóigh, trínár dteanga álainn.
Beidh SnaGÁCT seolta go hoifigiúil ag an Méara Sarah Holland ar 22 Feabhra i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin ag 11.00am in éineacht le daltaí ó Scoil Buachaillí Bhaile Uí Ruáin. Beidh an clár ar siúl ó 1 – 17 Márta. Ar na himeachtaí iontacha a bheidh ar siúl i mbliana, beidh ceolchoirm speisialta le Kíla in onóir ár gcomóradh céid, ranganna do gach leibhéal, ceardlanna, seisiúin ceoil thraidisiúnta, agus cuid mhaith ócáidí spraíúla eile agus beidh an chuid is mó acu saor in aisce.
Is bliain speisialta é 2016 agus beidh catagóir bhreise ócáidí ar siúl chun seo a cheiliúradh, darb ainm An Teanga Bheo – rud a dhéanfaidh comóradh ar ról na Gaeilge agus cultúr na Gaeilge in imeachtaí stairiúla 1916.
Tá an Méara Sarah Holland an-sásta deis a bheith aici an clár seo a sheoladh. Deir sí an méid seo – “Is mór agam agus ag mo mhuintir ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht, go háirithe i rith chomóradh an chéid agus muid ag breathnú siar go bródúil ar bhreith ár náisiúin agus athbheochan na Gaeilge i rith na tréimhse seo.
Molaimid dár saoránaigh go léir freastal ar chuid de na hócáidí den chéad scoth a bheidh ar siúl agus a gcúpla focal a úsáid i rith Sheachtain na Gaeilge go háirithe.”
Má tá tuilleadh eolais uait agus más mian leat an bróisiúr a íoslódáil, tabhair cuairt ar www.sdcc.ie nó www.athcliaththeas.ie.

Launch of Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2016
South Dublin County Council and South Dublin Library Services in partnership with Áras Chrónáin are delighted to bring you this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT). This is a unique festival which highlights and celebrates our culture through music, dance, arts and of course our beautiful language.
SnaGÁCT will be launched officially by Mayor Sarah Holland on the 22nd February in Ballyroan Library at 11.00am with pupils from Ballyroan Boys School. The programme will run from 1st – 17th March. This year’s wonderful calendar of events includes a special concert by Kila in honour of our centenary year, classes for all levels, workshops, traditional music sessions, and many other entertaining events, most of which are free of charge.
2016 is a special year and to mark this there will be an additional category of events called An Teanga Bheo – The Living Language, which will commemorate the role of the Irish language and culture in the historical events of 1916.
Mayor Sarah Holland is delighted to have been given the opportunity to launch this programme, she said “My language, culture and heritage are very important to myself and my family, especially so in this centenary year as we look back with pride on the birth of our nation and the re-birth of Gaeilge enjoyed during this period.
I would encourage all our citizens to attend some of the many excellent events on offer and above all to use your cúpla focail during Seachtain na Gaeilge.”
For further information and to download the brochure visit www.sdcc.ie or www.athcliaththeas.ie.